Spraoi i rith SnaG

//Spraoi i rith SnaG

Spraoi i rith SnaG

An Chéad Bhliain agus an Dara Bliain le Ms. Kinahan

Bhí mórán imeachtaí agus spraoi i rith Seachtain na Gaeilge i mbliana. D’eagraigh an idirbhliain Tráth na gCeist i Halla na Scoile. Contaetha na hÉireann a bhí mar ainm ag na foirne éagsúla agus bhí dea spórt idir an Chéad Bhliain agus an Dara Bliain. Bhí ceisteanna faoi spórt, ceol, cultúr, bia agus ceisteanna ginéarálta freisin. Ní raibh mórán idir na foirne sa deireadh ach bhuaigh Sligeach, Dún na nGall agus Maigh Eo. Rinne an idirbhliain sár jab den ócáid idir an leagadh amach den Halla, ceol agus gan amhras na Fir agus Mná Tí. Maith sibh!

Iníon Héarún

By | 2017-09-08T11:34:39+00:00 May 11th, 2015|Latest News|0 Comments